zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
30 June 2026
Susan Ní Loingsigh múinteoir gairmthreorach i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Is é amárach, an chéad lá de mhí Iúil, an spriocdháta do dhaltaí lena n-intinn a athrú maidir leis na roghanna atá déanta acu ar chóras iontrála an CAO. Labhair Susan linn faoin spriocdháta seo agus chuir sí rud beag comhairle ar dhaoine faoina gcuid roghanna.
8 min
30 June 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
30 June 2026
An Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
5 min
30 June 2026
Caitríona Nic Gairbheith Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Labhair muid le Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Caitríona Nic Gairbheith cúpla seachtain ó shin faoin champa úr do dhéagóirí, ‘Na Fianna Óga’ a bheas ar siúl anseo i nGaoth Dobhair an samhradh seo agus tá Caitríona linn ar maidin leis na mionsonraí agus an scéal is deireanaí faoin champa.
5 min
29 June 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na nuachta..
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
6 min
29 June 2026
Na tráchtairí spóirt, Colm Breathnach & David Mac Thadhg.
Chaith Colm súil siar ar na cluichí a bhí ar siúl i gCraobh Iománaíochta na Contae chomh maith le Cluiche Leathcheannais Sóisear Camógaíochta na hÉireann idir Dhún na nGall agus Muineacháin. Chaith David súil siar ar chluichí ceathrú ceannais na hÉireann sa pheil agus Muineachán agus Tír Eoghain curtha amach as an chraobh anois.
9 min
26 June 2026
Hannah Ní Dhomhnaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ag cur síos ar stoirm na hoíche aréir agus an dóigh ar chur sé isteach ar dhaoine ar fud na contae.
3 min
26 June 2026
Iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall, Colm Breathnach agus an tráchtaire spóirt, David Mac Thadhg as Muineachán.
Súil chun cinn ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
12 min
26 June 2026
Cathaoirleach CLG Ghaoth Dobhair, Pól Ó Gallchóir.
Tá foireann deartha a earcú ag Cumann Luthchleas Gael Ghaoth Dobhair chun tabhairt faoi fhorbairtí ar chostas measta de thart ar €300,000 ag áiseanna an Chumainn i Machaire Gathlán agus ag caint ar dhuine de laochra móra CLG Ghaoth Dobhair le blianta fada, Dónal Ó Breisleáin a fuair bás le gairid.
8 min
26 June 2026
Garraíodóir Chluain Na dTor, Deirdre Ní Bhraonáin.
Comhairle inniu faoin dóigh le haire a thabhairt do phlandaí agus do ghlasraí ag am go mbíonn teas mór ann agus eolas maidir leis an bhaol a bhaineann le cartáin.
9 min